Nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid
Tosaíonn aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide le sonraí a bheith agat ar féidir brath orthu. Is ag an bpointe sin amháin atáimid ábalta an tionchar atá againn ar an aeráid a thomhas go cruinn agus na rioscaí atá romhainn a thuiscint. Tugann sin bunús dúinn i dtaobh beart fiúntach agus éifeachtach a dhéanamh.
Cén cineál faisnéise a nochtaimid?
Tugtar faisnéis mhionsonraithe inár gcuid nochtaí ar lorg carbóin agus ar an riosca aeráide a bhaineann leis na sócmhainní airgeadais atá ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) agus ag bainc cheannais náisiúnta sa limistéar euro, a dtugtar an tEurochóras air le chéile. Ciallaíonn trédhearcacht níos mó gur féidir linn tuiscint níos fearr a bheith againn ar thionchar aeráide ár bpunann, cinntí eolacha a dhéanamh maidir lenár spriocanna aeráide a bhaint amach agus cuidiú le daoine eile tuiscint níos fearr a bheith acu ar an riosca agus an tionchar a bhaineann le hathrú aeráide. In 2023, thosaigh an Banc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais eile de chuid an Eurochórais ar nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid a fhoilsiú i dteannta a chéile. Déantar na nochtaí sin a nuashonrú uair sa bhliain.
Le himeacht ama, léireoidh na nochtaí sin ár n-iarrachtaí chun punanna a dhícharbónú ar bhealach a thacaíonn le spriocanna Chomhaontú Pháras. Cuideoidh siad linn freisin faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta againn agus bonn eolais a chur faoi choigeartuithe a dhéanfar amach anseo ar ár mbearta, más gá.
Cad a chuimsítear leis na nochtaí?
Foilsíonn an Banc Ceannais Eorpach nochtaí do shócmhainní airgeadais i bpunanna a choinníonn bainc cheannais an Eurochórais chun críocha beartais airgeadaíochta agus do chúlchistí eachtracha an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Ina theannta sin, foilsíonn bainc cheannais uile an Eurochórais nochtaí i ndáil lena bpunanna beartais neamhairgeadaíochta, a bhainistíonn gach ceann acu iad féin faoina gcúram féin.
Cur chuige comhoiriúnaithe amháin sa limistéar euro
Ullmhaítear gach nochtadh i gcomhréir le comhchreat íosnochta de chuid an Eurochórais bunaithe ar mholtaí an Tascfhórsa um Nochtaí Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid agus an Chomhpháirtíochta um Airgeadas Cuntasaíochta Carbóin.
Tá liosta de nochtaí an Eurochórais tugtha thíos.
Forléargas ar nochtaí airgeadais an Eurochórais a bhaineann leis an aeráid
An limistéar euro | An Banc Ceannais Eorpach |
An Ostair | Oesterreichische Nationalbank |
An Bheilg | Nationale Bank van België/Banque Nationale de Belgique |
An Chróit | Hrvatska narodna banka |
An Chipir | Banc Ceannais na Cipire |
An Eastóin | Eesti Pank |
An Fhionlainn | Suomen Pankki – Finlands Bank |
An Fhrainc | Banque de France |
An Ghearmáin | Deutsche Bundesbank |
An Ghréig | Banc na Gréige |
Éire | Banc Ceannais na hÉireann |
An Iodáil | Banca d’Italia |
An Laitvia | Latvijas Banka |
An Liotuáin | Lietuvos bankas |
Lucsamburg | Banque centrale du Luxembourg |
Málta | Banc Ceannais Mhálta |
An Ísiltír | De Nederlandsche bank |
An Phortaingéil | Banco de Portugal |
An tSlóvaic | Národná banka Slovenska |
An tSlóivéin | Bank Slovenije |
An Spáinn | Banco de España |
FÉACH FREISIN