Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ár gcur chuige i leith ár gcuspóirí straitéiseacha aeráide

Chun ár gcuspóirí straitéiseacha aeráide a chomhlíonadh agus chun a chinntiú go bhfuil ár gcinntí spriocdhírithe agus éifeachtach, ní mór dúinn ar dtús anailís dhaingean a dhéanamh ar thionchar an athraithe aeráide. Don chuspóir seo teastaíonn sonraí agus modhanna samhaltaithe iontaofa.

Tá rioscaí a bhaineann leis an aeráid deacair a thomhas agus a shamhaltú mar tagann siad chun cinn thar an bhfadtéarma agus tá siad neamhlíneach, domhanda agus an-éiginnte. Mar sin féin, is léir dúinn ón eolaíocht go bhfuil gníomh de dhíth anois.

Cén chaoi a bhfuil an Banc Ceannais Eorpach ag tabhairt aghaidh ar an dúshlán seo?

Bainimid úsáid as cur chuige trí ghné chun ár gcuspóirí aeráide a bhaint amach, rud a chabhraíonn linn gníomhú láithreach agus, ag an am céanna, rud a thugann deis dúinn feabhas a chur ar ár n-eolas agus ar choigeartú na mbeartas ina dhiaidh sin.

Cuirimid FEABHAS ar shonraí a bhaineann leis an aeráid

Tá tacar tosaigh táscairí a bhaineann leis an aeráid curtha ar fáil againn don earnáil airgeadais mar chuid den obair atá ar siúl againn chun feabhas a chur ar cháilíocht agus líon na sonraí atá ann a bhaineann leis an aeráid.

Cuirimid FEABHAS ar ár n-anailís

De réir mar a thagann feabhas ar shonraí a bhaineann leis an aeráid, oibrímid chun feabhas a chur ar ár samhlacha maicreacnamaíocha, ár n-anailís ar chásanna agus ár measúnuithe riosca. Cuidíonn sé seo linn rioscaí aeráide a chur san áireamh ar bhealach níos fearr, chomh maith leis na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr an aistrithe ghlais.

De réir mar a mhéadaíonn ár dtuiscint, is féidir linn cinntí beartais níos eolaí a dhéanamh ar deireadh thiar.

Déanaimid ár mbeartais a CHOIGEARTÚ

Bunaithe ar ár n-anailís, déanaimid beart i réimsí inar cuí linn, lena n-áirítear ár mbannaí corparáideacha, ár n-infheistíochtaí féin agus ár lorg comhshaoil féin.

De réir mar a thagann feabhas ar shonraí agus ar shamhaltú a bhaineann leis an aeráid, déanaimid ár mbeartais a choigeartú dá réir. Fágann sé sin go bhforbraíonn agus go bhfeabhsaíonn ár straitéis aeráide le himeacht ama.

Gach leathanach sa rannóg seo