Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

An próiseas athdheartha

I mí na Nollag 2021, d’fhógraíomar ár bpleananna chun nótaí bainc euro a athdhearadh, ar cuid den phróiseas é chun nótaí nua a fhorbairt. Is mian linn a chinntiú go mbeidh fáil ar nótaí bainc agus go mbeidh siad inrochtana agus go leanfaidh siad de bheith ina modh slán agus éifeachtúil íocaíochta. 

Is mian linn freisin go mbeadh na nótaí bainc chomh hinbhuanaithe agus chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol agus is féidir. Sin é an fáth a bhfuilimid ag féachaint ar a lorg comhshaoil chun deiseanna a aithint chun a dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú trí tháirgí agus próisis nua. Is deis é an próiseas sin freisin chun nótaí bainc a dhéanamh níos cuimsithí do mhuintir uile na hEorpa.

Déanfaidh an Chomhairle Rialaithe cinneadh ar théama nua agus ar dhearaí nua. Glacfaidh sí na tuairimí a thug an pobal i suirbhéanna agus comhairle ó ghrúpaí saineolaithe san áireamh.

Tá dhá gharsprioc mhóra sa phróiseas:

  1. téamaí a roghnú a d’fhéadfaí a úsáid amach anseo;
  2. céim an deartha lena n-áirítear roghnú móitífeanna féideartha agus comórtas dearaí

Leanfaimid de dheis a thabhairt don phobal agus do shaineolaithe ábhartha a bheith páirteach sa phróiseas. Is é an aidhm atá againn a chinntiú go mbeidh luí ag gach Eorpach leis an téama agus leis na dearaí a roghnaítear.

Na príomhchéimeanna sa phróiseas athdheartha

Ag roghnú téama dár nótaí bainc nua

An 29 Samhain, chinn Comhairle Rialaithe BCE bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den phróiseas athdheartha do nótaí bainc euro le dhá théama: “Cultúr na hEorpa” agus “Aibhneacha agus éin”. Ar mhaithe le roghanna an phobail a léiriú an oiread agus ab fhéidir, cuireadh na téamaí ar an ngearrliosta ‘‘Aibhneacha: uiscí na beatha san Eoraip’’ agus ‘‘Éin: saor, seasmhach, spreagúil’’ le chéile in aon téama amháin a bhaineann leis an dúlra agus a chuireann le hábhair níos leithne amhail an comhshaol agus an inbhuanaitheacht.

Tá sé an-tábhachtach dúinn go léireodh na cinntí a ghlactar le linn an phróisis tuairimí phobal na hEorpa. Ba iad na téamaí a roghnaíodh na téamaí ba mhó a raibh tóir orthu i suirbhé idirlín BCE agus sa suirbhé a rinne cuideachta taighde sheachtrach.

Téamaí a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo


Cultúr na hEorpa

Le hoidhreacht shaibhir chultúrtha agus earnálacha cruthaitheacha dinimiciúla na hEorpa, neartaítear féiniúlacht na hEorpa, rud a chruthaíonn muintearas comhroinnte. 

Cuireann an cultúr luachanna, cuimsiú agus idirphlé coiteann chun cinn san Eoraip agus ar fud an domhain. Tugann sé daoine le chéile.

Aibhneacha agus éin

Ní aithníonn aibhneacha ná éin teorainn ar bith, rud a shiombailíonn an tsaoirse agus an aontacht i measc mhuintir na hEorpa agus an nasc atá againn leis an dúlra. 

Tá éagsúlacht mhór aibhneacha agus éan san Eoraip a spreagann sinn agus a mheabhraíonn dúinn an fhreagracht atá orainn an comhshaol a chosaint.

Ag éisteacht le muintir na hEorpa

Ó thús an phróisis athdheartha, táimid tar éis dul i gcomhairle le pobal na hEorpa faoi dhó. 

Idir mí na Nollag 2021 agus mí an Mhárta 2022, d’iarramar ar dhaoine i dtíortha uile an limistéir euro a dtuairimí a thabhairt dúinn maidir le téamaí a d’fhéadfadh a bheith ann do nótaí bainc euro amach anseo.

Féach ar an méid a dúradh sa staidéar cáilíochtúil ar théamaí nua le haghaidh nótaí bainc euro.

Tuarascáil iomlán Achoimre Fheidhmeach

Idir mí Iúil agus mí Lúnasa 2023, rinneamar suirbhé ar líne inar iarradh ar dhaoine a rá linn cé acu de na seacht dtéama ar an ngearrliosta ab fhearr leo, agus thug breis agus 365,000 Eorpach freagra ar an suirbhé. Chun sampla ionadaíoch a chinntiú, d’iarramar freisin ar chuideachta taighde neamhspleách suirbhé ilnáisiúnta den chineál céanna a dhéanamh i gcomhthráth leis an suirbhé ar líne.

Léigh an tuarascáil agus faigh tuilleadh eolais faoi thorthaí an tsuirbhé.

Tuarascáil iomlán Achoimre Fheidhmeach

Ag dul i gcomhairle leis na saineolaithe

Ag deireadh 2021, bhunaíomar Grúpa Comhairleach na dTéamaí, grúpa saineolaithe atá neamhspleách, ildisciplíneach agus ilchineálach ó gach cearn den limistéar euro, chun comhairle a thabhairt ar théamaí nua a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh nótaí bainc a bheidh i gcúrsaíocht amach anseo. Bunaithe ar an ionchur a bailíodh sa staidéar cáilíochtúil, mhol an grúpa gearrliosta téamaí. 

Ansin, rinne Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh breithniú cúramach cibé an mbeadh luí ag muintir na hEorpa leis na téamaí gearrliostaithe nó nach mbeadh agus cibé an dtugann siad léargas ar shaol agus ar luachanna na hEorpa nó nach dtugann, agus chinn siad an seachtú téama, “Cultúr na hEorpa”, a chur leis.

Tá na seacht dtéama atá ar an ngearrliosta liostaithe thíos (gan aon ord tosaíochta ar leith). Tá tuairisc ar na téamaí seo le fáil i bpreaseisiúint an 10 Iúil 2023.

  • ‘‘Éin: saor, seasmhach, spreagúil’’
  • ‘‘Cultúr na hEorpa’’
  • ‘‘Luachanna Eorpacha ar aon dul leis an dúlra’’
  • “Is leatsa an todhchaí” 
  • “Lámha: as lámha a chéile a thógaimid an Eoraip”
  • ‘‘An Eoraip sin againne, sinn féin’’
  • “Aibhneacha: uiscí na beatha san Eoraip” 

Faigh tuilleadh eolais faoin obair a dhéanann 
Grúpa Comhairleach na dTéamaí


Bunaíodh grúpa saineolaithe, an Grúpa Comhairleach um Móitífeanna, chun tacú leis an mBanc Ceannais Eorpach trí mhóitífeanna bunaithe ar na téamaí atá roghnaithe a mholadh don Chomhairle Rialaithe. Déanann comhaltaí an Ghrúpa ionadaíocht ar réimsí éagsúla saineolais a bhaineann leis an dá théama.

Comhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh um Móitífeanna

Tar éis dúinn “Cultúr na hEorpa” agus “Aibhneacha agus éin” a roghnú mar théamaí féideartha do nótaí bainc euro amach anseo, roghnóimid anois na móitífeanna is fearr a léiríonn na téamaí sin.

Ina dhiaidh sin, cuirfear tús leis an obair chun comórtas dearaidh a ullmhú. Foilseofar tuilleadh eolais faoin gcéim deartha agus faoin gcomórtas ar ár gcainéil oifigiúla. Táthar ag súil go ndéanfaidh an Chomhairle Rialaithe cinneadh maidir leis na dearaí nua in 2026.

Nuair a roghnófar na dearaí, cinnfidh an Chomhairle Rialaithe cathain nótaí bainc euro nua a tháirgeadh agus a eisiúint. Ina dhiaidh sin, tógfaidh sé roinnt blianta sula bhféadfar na chéad nótaí bainc a tháirgeadh agus sula mbeidh siad inár bpócaí.

AIMSIGH TUILLEADH EOLAIS FAOI ÁBHAR GAOLMHAR


Gach leathanach sa rannóg seo