Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Nótaí bainc: taighde agus forbairt

Tá dualgas ar an mBanc Ceannais Eorpach sláine agus slándáil an euro a chaomhnú. Forbraímid gnéithe slándála nuálacha soaitheanta a bhfuil muinín ag daoine astu ionas go mbeidh nótaí bainc euro inrochtana agus ionchuimsitheach i gcónaí. Oibrímid chun feabhas a chur ar na gnéithe sin agus chun gnéithe nua a fhorbairt do nótaí bainc sa todhchaí ionas go mbeimid céim chun cinn ar ghóchumadóirí i gcónaí. Bímid ag iarraidh teacht ar réitigh theicneolaíochta inbhuanaithe a chuideoidh linn an tionchar atá ag ár nótaí bainc agus ag ár gcuid próiseas ar an gcomhshaol a laghdú.

Is é sin an chúis a ndéanaimid raon leathan tionscadal taighde agus forbartha a chomhordú agus a mhaoiniú.

Réimsí taighde

Féadann tionscadail gearrthéarmacha amhail anailísí agus staidéir féidearthachta a bheith i gceist lenár dtioncsadail taighde maoinithe mar aon le tionscadail forbartha fadtéarmacha nó fiú trialacha priontála do ghnéithe nua nótaí bainc.

Is iad seo a leanas cuid de na réimsí taighde a mbímid ag iarraidh a spreagadh agus a mbainimid tairbhe astu.

  • Gnéithe slándála nótaí bainc
  • Teicneolaíocht phróiseála agus láimhseála le haghaidh táirgeadh nótaí bainc
  • Teicneolaíochtaí a laghdaíonn an tionchar a bhíonn ag táirgeadh airgid thirim ar an gcomhshaol
  • Eolaíocht bhraistinte agus chognaíochta

Cé a cháilíonn do mhaoiniú?

Cuireann an Banc Ceannais Eorpach fáilte roimh thograí tionscadail ó chuideachtaí tráchtála, ó institiúidí taighde agus ó ghairmithe eile a bhfuil inniúlacht acu sna réimsí teicneolaíochta is suim linn. Ní gá duit a bheith lonnaithe san Aontas Eorpach chun togra a chur isteach.

Conas is féidir teagmháil a dhéanamh linn maidir le do thogra tionscadail?

Má tá táirge nó coincheap agat a cheapann tú go mbeadh suim ag an mBanc Ceannais Eorpach ann, le do thoil líon isteach an fhoirm seo i mBéarla agus seol í chuig BN-Development@ecb.europa.eu. Le do thoil déan cinnte nach bhfuil an fhoirm níos mó na trí leathanach A4 ar fhad.

Chun do chumarsáid linne a chosaint, is féidir leat úsáid a bhaint as criptiú PGP ach ár n-eochair phoiblí a íoslódáil chun an togra a chur isteach. Déanaimid ár ndícheall freagra a thabhairt ar thograí taobh istigh de mhí amháin.

Más suim linn do thogra, dréachtóimid comhaontú um neamhnochtadh agus iarrfaimid ort é a shíniú chun rúndacht a chinntiú sula ndéanfaimis tuilleadh sonraí a roinnt leat. Ansin seolfaimid tuilleadh treoracha agus teimpléid duit chun do thogra a chur isteach ar bhonn foirmiúil. Is próiseas caighdeánach é seo do gach togra a fhaigheann maoiniú ón mBanc Ceannais Eorpach.

Gach leathanach sa rannóg seo