Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Conas a d’oibreodh euro digiteach?

Samhlaigh go ndeachaigh tú chuig uathmheaisín bainc (ATM) agus gur thóg tú amach €100. Laghdaíonn iarmhéid do chuntais bainc €100, ach €100 airgead tirim agat i do lámh anois chun íocaíochtaí a dhéanamh.

Bheadh an próiseas céanna i gceist le euro digiteach, ach in ionad an t-airgead i do chuntas bainc a thiontú ina airgead tirim, dhéanfaí é a thiontú ina euro digiteach.

Míniú ar an euro digiteach

Is é an chéad chéim a bheadh i gceist ná do thiachóg euro dhigitigh a shocrú suas trí do bhanc. Ach d’fhéadfá dul chuig údarás poiblí ainmnithe, oifig phoist mar shampla, chun é seo a dhéanamh.

Nuair a bheidh do thiachóg euro dhigitigh euro socraithe suas agat, d’fhéadfá airgead a chur isteach ann trí chuntas bainc nasctha nó trí airgead tirim a thaisceadh. D’fhéadfá tosú ag déanamh íocaíochtaí ansin tríd an euro digiteach i do thiachóg a úsáid.

Aon uair a gheofá airgead in euro digiteach, choinneofá é i do thiachóg euro dhigitigh, suas go dtí teorainn áirithe, nó d’fhéadfá é a chur i dtaisce i do chuntas bainc. D’fhéadfá é seo a dhéanamh de láimh tú féin nó é a shocrú go huathoibríoch.

Bheadh íocaíochtaí euro dhigitigh sábháilte agus láithreach i gcónaí — bíodh siad le déanamh i siopaí fisiciúla, i siopaí ar líne nó idir daoine.

Cathain a d’fhéadfaí an euro digiteach a úsáid?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Ceannacháin laethúla

Bíodh tú ag ceannach caife na maidine nó ag íoc an fheighlí linbh, d’fhéadfá iad a íoc le do thiachóg euro dhigitigh. Bheadh an euro digiteach ar fáil d’aon íocaíochtaí leictreonacha i siopaí, ar líne nó ó dhuine go duine.

Íocaíochtaí idir cairde

Íocaíochtaí díreacha a dhéanamh ó thiachóg go tiachóg ag baint úsáid as fón nó uaireadóir, díreach mar a thabharfadh tú airgead tirim ar ais do chara a thug airgead ar iasacht duit. Le euro digiteach, d’fhéadfadh sé sin oibriú ar líne nó as líne.

Ag dul thar lear

Aon uair a thugaimid cuairt ar thír eile sa limistéar euro, is gnách linn airgead tirim a iompar chun a chinntiú go mbeimid in ann íocaíochtaí a dhéanamh, agus táillí breise a sheachaint nuair a thógaimid amach airgead tirim. Le euro digiteach, bheadh tú in ann do chuid íocaíochtaí a dhéanamh saor in aisce áit ar bith sa limistéar euro.

Siopadóireacht ar líne

Bheadh euro digiteach ar fáil freisin i gcásanna nach mbeadh airgead tirim ar fáil, mar shampla nuair a bhítear ag siopadóireacht ar líne. Chuirfeadh euro digiteach modh íocaíochta sábháilte agus éasca ar fáil le tacaíocht ó BCE, institiúid phoiblí.

Feidhmiúlachtaí breise

Íocaíochtaí athfhillteacha

Téann cuid mhór dár gcaiteachas laethúil i dtreo íocaíochtaí rialta, amhail an cíos a íoc ag tús gach míosa nó íoc as cúram leanaí. Sin an fáth a n-éascódh euro digiteach íocaíochtaí uathoibrithe do dhaoine ar mian leo an fheidhm sin a úsáid.

Mar sin féin, ní bheadh sé ina airgead in-ríomhchláraithe go brách. Is airgead digiteach é airgead in-ríomhchláraithe a úsáidtear do chuspóir nó fad teoranta, cosúil le dearbhán.

Os a choinne sin, beidh an euro digiteach neamhshrianta agus coinneoidh sé a luach i gcónaí. Nílimid ag iarraidh go gcuirfeadh euro digiteach aon srian ar an áit, ar an uair ná ar cé leis a bhféadfadh daoine agus gnólachtaí é a úsáid.

Uasteorainn ar ghabháltais

Shocróimis teorainn don mhéid euro digiteach a d’fhéadfadh duine nó cuideachta a bheith ina thiachóg euro dhigitigh. Chuideodh sé sin le heis-sreafaí iomarcacha taiscí ó bhainc a chosc, rud a chaomhnódh cobhsaíocht airgeadais.

Bheadh úsáideoirí ar mian leo níos mó ná an teorainn atá leagtha síos a íoc in ann é sin a dhéanamh trína thiachóg dhigiteach a nascadh lena gcuntas bainc.

Gach leathanach sa rannóg seo