Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Straitéis aeráide agus dúlra

Cuidíonn ár gcuid oibre ar an aeráid agus ar an dúlra linn tuiscint níos fearr a fháil ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus ar an tionchar a bhíonn acu sin ar an ngeilleagar agus ar na bainc. Cuireann an obair sin bonn eolais faoinár gcinntí beartais agus tacaíonn sí lenár maoirseacht ar na bainc. Cuidíonn sé linn freisin rioscaí dár gclár comhardaithe agus dár n-oibríochtaí féin a bhainistiú.

I gcomhréir lenár bplean aeráide agus dúlra, 2024-2025, atá tugtha chun críche anois, cuirimid rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an dúlra san áireamh níos mó agus níos mó inár gcuid oibre ó lá go lá. Tacaíonn sé sin leis an sainordú atá againn praghsanna a choinneáil cobhsaí agus na bainc a choinneáil slán. Ag féachaint chun cinn, leanfaimid orainn ag tógáil ar an dul chun cinn sin trí fheabhas a chur ar ár dtuiscint, ar ár n-anailís agus ar ár mbainistiú ar na rioscaí sin. 

    Táimid ag díriú ar thrí réimse:
  1. Dul i ngleic leis an aistriú glas
  2. tionchar fisiciúil méadaithe an athraithe aeráide a mheas agus a chur san áireamh;
  3. cur chun cinn na hoibre ar na rioscaí a bhaineann leis an dúlra.

Ár gcuid oibre maidir leis an aeráid agus an dúlra

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Cén fáth a bhfuil an t-athrú aeráide ábhartha do BCE?

Is féidir le teochtaí níos airde, stoirmeacha nó triomach – chomh maith le ganntanas uisce, dífhoraoisiú, creimeadh ithreach nó caillteanas pailneoirí – praghsanna, agus, dá bhrí sin boilsciú, a ardú. Ní féidir cobhsaíocht praghsanna agus airgeadais a chaomhnú ach amháin má bhíonn an aeráid agus an dúlra cobhsaí.

An fáth a bhfuil tábhacht leis an athrú aeráide

Cad atáimid a dhéanamh faoi?

I gcomhréir lenár sainordú agus lenár dtrí chuspóir aeráide, leanfaimid ag obair ar an athrú aeráide agus ar dhíghrádú an dúlra. Mar thoradh ar ár straitéis nuashonraithe aeráide agus dúlra agus ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe againn, neartófar ár n-athléimneacht i leith rioscaí fisiciúla agus rioscaí aistrithe araon, agus tabharfar aghaidh ar na caochspotaí atá fós ann agus atá tábhachtach dár bpríomh-shainordú.

Aeráid agus dúlra – gníomhaíochtaí atá beartaithe tar éis 2025

Conas atá dlús á chur againn lenár n-iarrachtaí?

Ag tógáil ar ár bplean aeráide agus dúlra do 2024-2025, ar ár measúnú ar an straitéis beartais airgeadaíochta ó 2025 agus ar ár dtosaíochtaí maoirseachta do 2026-28, táimid ag cur dlús lenár gcuid oibre maidir leis an méid seo a leanas:

Anailís mhaicreacnamaíoch agus beartas airgeadaíochta

Feabhas a chur ar uirlisí anailíseacha chun tuiscint níos fearr a fháil ar thionchar maicreacnamaíoch an athraithe aeráide, dhíghrádú an dúlra agus an aistrithe ghlais, chomh maith le feabhas a chur ar mheasúnú agus ar bhainistiú rioscaí aeráide agus rioscaí a bhaineann leis an dúlra ar chlár comhardaithe an Eurochórais.

Maoirseacht baincéireachta agus cobhsaíocht airgeadais

Is tosaíocht mhaoirseachta do 2026-28 iad na rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an dúlra agus táimid le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar ár gcreat chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí aeráide agus dúlra don chobhsaíocht airgeadais.

Sonraí a bhaineann leis an aeráid agus leis an dúlra

Leanúint de na hiarrachtaí chun breis sonraí agus sonraí níos fearr a fháil maidir le rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus le díghrádú an dúlra.

Íocaíochtaí, nótaí bainc agus bonneagar an mhargaidh

Lorg comhshaoil nótaí bainc an Eurochórais a laghdú tuilleadh agus na breithnithe sin a leathnú chuig modhanna eile íocaíochta agus chuig bonneagair mhargaidh.

Feidhmíocht chomhshaoil ár n-oibríochtaí agus ár bpunann

Ár ndícheall a dhéanamh lorg comhshaoil ár n-oibríochtaí féin agus ár bpunann beartais neamhairgeadaíochta a laghdú, agus leanúint dár dtiomantas dul chun cinn ar ár gcuid oibre ar chúrsaí aeráide a nochtadh.

Cad iad na réimsí a bhfuilimid ag díriú orthu?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

1. Dul i ngleic leis an aistriú chuig geilleagar glas

Má dhéantar an geilleagar a ghlasú, cuirfear le cobhsaíocht praghsanna agus airgeadais; má chuirtear moill ar an aistriú sin, méadófar na costais a bhaineann leis. Leanaimid orainn ag féachaint ar a bhfuil i gceist leis an aistriú glas don gheilleagar agus don chóras airgeadais, agus de mhachnamh a dhéanamh ar conas is féidir linn tacú leis laistigh dár sainordú.

2. Tionchar fisiciúil méadaithe an athraithe aeráide a mheas agus a chur san áireamh

Bíonn tionchar ag eachtraí adhaimsire ar an ngeilleagar agus tagann ardú ar phraghsanna bia dá mbarr. Ní mór go dtuigfimis – inár ról mar bhanc ceannais agus mar mhaoirseoir baincéireachta – an tionchar méadaithe atá ag aeráid atá ag athrú. Déanaimid ár dtaighde a roinnt freisin chun cabhrú leis na gníomhaithe eacnamaíocha uile cinntí eolasacha a dhéanamh agus iad féin a chur oiriúint don aimsir romhainn.

3. Cur chun cinn na hoibre ar na rioscaí a bhaineann leis an dúlra

Braitheann ár ngeilleagar ar an dúlra agus ní féidir leis a bheith ann gan é. Ina cheann sin, tá tionchar ag díghrádú an dúlra ar an ngeilleagar agus tá rioscaí airgeadais ag baint leis. Dá bhrí sin, ní mór dúinn measúnú a dhéanamh ar impleachtaí dhíghrádú an dúlra (mar shampla, ganntanas uisce) – agus ar a idirghníomhú leis an aeráid – dár sainordú.

Féach freisin

Breathnaigh ar an obair atá déanta againn go dtí seo:

Gach leathanach sa rannóg seo