Suibscríobh caipitil
An nuashonrú is déanaí: 1 Eanáir 2026
Tagann caipiteal an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) ó bhainc cheannais náisiúnta (BCNanna) Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh agus is ionann an luach sin agus €10,825,007,069.61.
Ríomhtar sciartha na BCNanna den chaipiteal seo trí úsáid a bhaint as scála caipitil lena léirítear sciar na tíre sin i gcomparáid le daonra iomlán agus olltáirgeacht intíre an Aontais. Tá an t-ualú céanna ag an dá dheitéarmanant. Coigeartaíonn BCE na scaireanna gach cúig bliana agus nuair a thagann athrú ar an líon BCNanna atá ag ranníoc le caipiteal BCE. Déantar an coigeartú bunaithe ar bhunús na sonraí a chuireann an Coimisiún Eorpach ar fáil. Rinneadh an coigeartú is déanaí ar an 1 Eanáir 2024.
Bainc cheannais náisiúnta an limistéir euro
€8,957,303,649.83 san iomlán atá i suibscríbhinní láníoctha BCNanna an limistéir euro le caipiteal BCE agus déantar miondealú orthu mar seo a leanas:
Ranníocaíochtaí BCNanna an limistéir euro le caipiteal BCE
Banc ceannais náisiúnta | Scála caipitil %(1) | Caipiteal íoctha (€) |
|---|---|---|
Nationale Bank van België/Banque Nationale de Belgique (an Bheilg) | 3.0005 | 324,804,337.12 |
Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire) (an Bhulgáir)(2) | 0.9783 | 105,901,044.16 |
Deutsche Bundesbank (an Ghearmáin) | 21.7749 | 2,357,134,464.40 |
Eesti Pank (an Eastóin) | 0.2437 | 26,380,542.23 |
Banc Ceannais na hÉireann (Éire) | 1.7811 | 192,804,200.92 |
Banc na Gréige (an Ghréig) | 1.8474 | 199,981,180.60 |
Banco de España (an Spáinn) | 9.6690 | 1,046,669,933.56 |
Banque de France (an Fhrainc) | 16.3575 | 1,770,700,531.41 |
Hrvatska narodna banka (an Chróit) | 0.6329 | 68,511,469.74 |
Banca d’Italia (An Iodáil) | 13.0993 | 1,418,000,151.07 |
Banc Ceannais na Cipire (an Chipir) | 0.1802 | 19,506,662.74 |
Latvijas Banka (an Laitvia) | 0.3169 | 34,304,447.40 |
Lietuvos bankas (an Liotuáin) | 0.4826 | 52,241,484.12 |
Banque centrale du Luxembourg (Lucsamburg) | 0.2976 | 32,215,221.04 |
Banc Ceannais Mhálta (Málta) | 0.1053 | 11,398,732.44 |
De Nederlandsche Bank (An Ísiltír) | 4.8306 | 522,912,791.50 |
Oesterreichische Nationalbank (an Ostair) | 2.4175 | 261,694,545.91 |
Banco de Portugal (an Phortaingéil) | 1.9014 | 205,826,684.42 |
Banka Slovenije (an tSlóivéin) | 0.4041 | 43,743,853.57 |
Národná banka Slovenska (an tSlóvaic) | 0.9403 | 101,787,541.48 |
Suomen Pankki – Finlands Bank (an Fhionlainn) | 1.4853 | 160,783,830.00 |
Iomlán | 82.7464 | 8,957,303,649.83 |
(1) Ó cuireadh tús le Céim a Trí den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta ar an 1 Eanáir 1999 tá an scála caipitil tar éis athrú naoi n-uaire: rinneadh uasdátú cúig bliana air an 1 Eanáir 2004, an 1 Eanáir 2009, an 1 Eanáir 2014, an 1 Eanáir 2019 agus an 1 Eanáir 2024; rinneadh athruithe breise air an 1 Bealtaine 2004 (nuair a tháinig Poblacht na Seice, an Eastóin, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an tSlóivéin agus an tSlóvaic isteach san Aontas Eorpach), an 1 Eanáir 2007 (nuair a tháinig an Bhulgáir agus an Rómáin isteach san Aontas Eorpach), an 1 Iúil 2013 (nuair a tháinig an Chróit isteach san Aontas Eorpach) agus an 1 Feabhra 2020 (tar éis aistarraingt na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach).
(2) Tá Banc Náisiúnta na Bulgáire ina bhall anois den Eurochóras tar éis don Bhulgáir teacht isteach sa limistéar euro an 1 Eanáir 2026. Dá bhrí sin, ar an dáta sin, d’íoc Banc Náisiúnta na Bulgáire a raibh fágtha dá chaipiteal suibscríofa le BCE.
Bainc cheannais náisiúnta nach bhfuil sa limistéar euro
Ceanglaítear ar na sé BCN de chuid an Aontais nach bhfuil sa limistéar euro ranníocaíocht a dhéanamh leis na costais oibriúcháin arna dtabhú ag BCE i ndáil lena rannpháirtíocht sa Chóras Eorpach Banc Ceannais trí chéatadán beag dá sciar i gcaipiteal suibscríofa BCE a íoc. Ón 29 Nollaig 2010 i leith is 3.75% dá sciar foriomlán den chaipiteal liostaithe a bhí an ranníocaíochtaí a bhí déanta acu. €70,038,878.24 a bhí sa chaipiteal a d’íoc BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro le BCE agus tugtar miondealú air mar seo a leanas:
Ranníocaíochtaí BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro le caipiteal BCE
Banc ceannais náisiúnta | Scála caipitil % | Caipiteal íoctha (€) |
|---|---|---|
Česká národní banka (Poblacht na Seice) | 1.9623 | 7,965,716.76 |
Danmarks Nationalbank (an Danmhairg) | 1.7797 | 7,224,474.41 |
Magyar Nemzeti Bank (an Ungáir) | 1.5819 | 6,421,529.51 |
Narodowy Bank Polski (an Pholainn) | 6.0968 | 24,749,213.66 |
Banca Naţională a României (an Rómáin) | 2.8888 | 11,726,730.16 |
Sveriges Riksbank (an tSualainn) | 2.9441 | 11,951,213.74 |
Iomlán | 17.2536 | 70,038,878.24 |
Níl na BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro i dteideal aon sciar de bhrabúis indáilte BCE a fháil, ná níl aon dualgas orthu aon chaillteanas de chuid BCE a chistiú ach an oiread.
Scála caipitil an Eurochórais
Is é scála caipitil an Eurochórais an scála caipitil a úsáidtear, mar shampla, chun formhór na gceannachán a threorú i roinnt de chláir cheannacháin BCE de bharr nach gcuimsíonn sé ach na bainc cheannais náisiúnta atá sa limistéar euro.
Scála caipitil an Eurochórais an 1 Eanáir 2026 agus an 1 Eanáir 2024
Tír | Scála caipitil an Eurochórais 1 Ean 2026 | Scála caipitil an Eurochórais 1 Ean 2024 |
|---|---|---|
An Bheilg | 3.6261 | 3.6695 |
An Bhulgáir | 1.1823 | |
Poblacht na Seice | ||
An Danmhairg | ||
An Ghearmáin | 26.3152 | 26.6301 |
An Eastóin | 0.2945 | 0.2980 |
Éire | 2.1525 | 2.1782 |
An Ghréig | 2.2326 | 2.2593 |
An Spáinn | 11.6851 | 11.8249 |
An Fhrainc | 19.7682 | 20.0047 |
An Chróit | 0.7649 | 0.7740 |
An Iodáil | 15.8307 | 16.0201 |
An Chipir | 0.2178 | 0.2204 |
An Laitvia | 0.3830 | 0.3876 |
An Liotuáin | 0.5832 | 0.5902 |
Lucsamburg | 0.3597 | 0.3640 |
An Ungáir | ||
Málta | 0.1273 | 0.1288 |
An Ísiltír | 5.8378 | 5.9077 |
An Ostair | 2.9216 | 2.9565 |
An Pholainn | ||
An Phortaingéil | 2.2979 | 2.3254 |
An Rómáin | ||
An tSlóivéin | 0.4884 | 0.4942 |
An tSlóvaic | 1.1364 | 1.1500 |
An Fhionlainn | 1.7950 | 1.8165 |
An tSualainn | ||
Iomlán (3) | 100.0000 | 100.0000 |
(3) D’fhéadfadh sé nach ndéanfaí suimiú ceart ar na figiúirí de bharr slánú.
Leithdháileadh na nglanbhrabús agus na nglanchaillteanas
Leithdháiltear glanbhrabúis agus glanchaillteanais BCE idir bainc cheannais náisiúnta (BCNanna) an limistéir euro i gcomhréir le hAirteagal 33 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (Reacht CEBC):
Aistreofar glanbhrabús BCE san ord seo a leanas:
- tá méid a chinnfidh an Chomhairle Rialaithe – nach bhféadfaidh a bheith níos mó ná 20% den bhrabús glan – le haistriú chuig an gcúlchiste ginearálta faoi réir teorainn is ionann agus 100% den chaipiteal;
- tá an glanbhrabús atá fágtha le dáileadh ar scairshealbhóirí BCE i gcomhréir lena scaireanna íoctha.
I gcás ina dtabhóidh BCE caillteanas, féadfar an gannchion a fhritháireamh in aghaidh chúlchiste ginearálta BCE agus, más gá, tar éis cinneadh ón gComhairle Rialaithe, in aghaidh ioncam airgeadaíochta na bliana airgeadais ábhartha i gcoibhneas leis na méideanna arna leithdháileadh ar na BCNanna i gcomhréir le hAirteagal 32.5 de Reacht CEBC agus suas leis na méideanna sin.