Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ár gceannaireacht

Chun a shainordú a chomhlíonadh, déanann an Banc Ceannais Eorpach (BCE) cinntí éagsúla a mbíonn tionchar forleathan acu go minic. Is iad comhlachtaí éagsúla BCE a dhéanann na cinntí sin, agus róil atá sainithe go soiléir ag gach ceann acu.

Comhlachtaí cinnteoireachta

Faigh amach faoin méid a dhéanann gach comhlacht BCE agus faoi mar a mhúnlaíonn sé ár mbeartas airgeadaíochta nó ár ngníomhaíochtaí maoirseachta baincéireachta, chomh maith le raon cúraimí eile.

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

An Bord Feidhmiúcháin

Bainistíonn ár mBord Feidhmiúcháin obair laethúil BCE agus ullmhaíonn sé cinntí dár bpríomhchomhlacht cinnteoireachta, an Chomhairle Rialaithe. Suíonn comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin ar an gComhairle Rialaithe freisin.

Foghlaim tuilleadh faoin mBord Feidhmiúcháin

An Chomhairle Rialaithe

Is í an Chomhairle Rialaithe an comhlacht cinnteoireachta is airde atá againn. Socraíonn sí leibhéal ár rátaí úis beartais. Cinneann sí freisin cé na huirlisí beartais airgeadaíochta eile atá le húsáid sa limistéar euro agus conas a úsáidfear iad.

Léigh tuilleadh faoin gComhairle Rialaithe

An Chomhairle Ghinearálta

Tugann ár gComhairle Ghinearálta oifigigh ardchéime ó na bainc cheannais uile san Aontas Eorpach le chéile. Tá sí freagrach as cúraimí sonracha agus leanfaidh sí dá ról fad is atá tíortha AE ann nach bhfuil an euro glactha acu.

Foghlaim tuilleadh faoin gComhairle Ghinearálta

An Bord Maoirseachta

Déanann an Bord Maoirseachta ár gcúraimí maoirseachta baincéireachta a phleanáil agus a mhaoirsiú. Ullmhaíonn sé dréachtchinntí maoirseachta lena nglacadh ag ár gComhairle Rialaithe.

Foghlaim tuilleadh faoin mBord Maoirseachta
Breis eolais uait? Léigh an míniú uainn
Foghlaim tuilleadh
Cé leis an Banc Ceannais Eorpach?

Gach leathanach sa rannóg seo