Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Eolas fúinn

Coimeádaimid praghsanna cobhsaí agus do chuid airgid sábháilte

Anseo sa Bhanc Ceannais Eorpach (BCE), oibrímid chun praghsanna a choimeád cobhsaí sa limistéar euro. Déanaimid é sin ionas gur féidir leat an méid céanna a cheannach le do chuid airgid inniu agus amárach.

Cuirimid le sábháilteacht agus láidreacht an chórais baincéireachta Eorpaigh freisin. Is bealach é sin le cinntiú go mbeidh do chuid airgid sábháilte sa bhanc.

Coimeádaimid smacht ar bhoilsciú

Is é an Banc Ceannais Eorpach an banc ceannais do na 19 dtír a úsáideann an euro. Is é an príomhchúram atá orainn praghsanna a choimeád cobhsaí. Chuige sin, cinntímid go bhfuil an ráta boilscithe íseal, cobhsaí agus intuartha. Ar an mbealach sin, déanaimid iarracht cabhrú leat pleananna a dhéanamh i dtaca le hairgead a chaitheamh nó a chur i dtaisce.

Foghlaim tuilleadh faoinár mbeartas airgeadaíochta

Cuirimid le sábháilteacht agus fóntacht an chórais baincéireachta Eorpaigh

Déanaimid maoirseacht ar bhainc sa limistéar euro ionas gur féidir leatsa a bheith cinnte go mbeidh siad in ann turraingí a sheasamh. Le maoirseacht sheasmhach chaighdeánach ar fud an limistéir euro, is féidir linn bainc a láidriú agus do chuid airgid a choimeád sábháilte.

Tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin maoirseachta

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Forbraímid agus eisímid nótaí bainc euro

Infheistímid i dteicneolaíochtaí nua chun go mbeidh na nótaí bainc a úsáideann tú níos sábháilte agus níos láidre. Déanaimid táirgeadh agus eisiúint na nótaí bainc sin a chomhordú leis na tíortha a úsáideann an euro.

Féach ar nótaí bainc euro in 3D

Cinntímid go n-oibríonn bonneagar an mhargaidh i gceart

Má íocann tú as do chuid siopadóireachta go leictreonach nó má aistríonn tú airgead go digiteach, beidh muidne ann chun cabhrú leat. Bainistímid bonneagar an mhargaidh – an líonra atá taobh thiar de na haistrithe sin – agus cuirimid tacaíocht ar fáil dó. Cabhraíonn sé sin le gluaiseacht éasca éifeachtach airgid taobh istigh de thíortha agus thar theorainneacha.

Íocaíochtaí agus an tEurochóras

Cabhraímid le cobhsaíocht airgeadais a chothú

Déanaimid moltaí chun na rioscaí a mhaolú a d’fhéadfadh cothromaíocht an chórais airgeadais a chur as a riocht, amhail anord sa stocmhargadh nó titim ghéar ar phraghsanna tithíochta. Cabhraíonn sé sin le daoine cosúil leatsa agus le gnólachtaí muinín a bheith acu chun pleananna a dhéanamh agus infheistíocht a dhéanamh sa todhchaí.

Ár ról i gcobhsaíocht airgeadais

Stair

Foghlaim cén chaoi ar tháinig an Eoraip le chéile le teacht isteach an chomhairgeadra agus le tosú na maoirseachta comhpháirtí baincéireachta.

Stair an limistéir euro

Foghlaim tuilleadh faoin mBanc Ceannais Eorpach

Cinnteoireacht

Is í an Chomhairle Rialaithe a dhéanann na cinntí is tábhachtaí, lena n-áirítear cinntí faoi na rátaí úis a shocrú agus faoi na huirlisí beartais airgeadaíochta eile a úsáidfear.

Cinnteoireacht agus vótáil sealaíochta
Ár bpríomhfhoirgneamh

Tá an Banc Ceannais Eorpach lonnaithe in Frankfurt am Main na Gearmáine. Ba é COOP HIMMELB(L)AU a dhear ár bpríomhfhoirgneamh agus cuireadh i gcrích é i mí na Samhna 2014. Tá gnéithe stairiúla agus nua-aimseartha araon le sonrú ann agus is sainchomhartha uathúil uirbeach é dá bharr.

Féach timpeall
Mínithe

Chun tuilleadh a léamh faoin méid a dhéanaimid, caith súil ar ár mínithe. Mínítear na príomhábhair spéise iontu agus cabhróidh siad leat tuiscint níos fearr a fháil ar an mbaincéireacht cheannais.

Léigh ár mínithe

Mínithe ón mBanc Ceannais Eorpach

Cad a dhéanann an Banc Ceannais Eorpach? Cad is boilsciú ann? Cén bhaint atá ag cobhsaíocht praghsanna leatsa? Is féidir freagra na gceisteanna sin agus eolas eile a chloisteáil san fhíseán trí nóiméad seo.

Teagmháil

An bhfuil ceist agat faoin mBanc Ceannais Eorpach nó faoin méid a dhéanaimid? Faigh na freagraí ar an ceisteanna is coitianta nó cuir do cheist féin chugainn.

FÉACH THART AR ÁR SUÍOMH GRÉASÁIN

Foghlaim faoin méid a dhéanaimid

Tabhair cuairt orainn

Tá Ionad Cuairteoirí an Bhainc Ceannais Eorpaigh oscailte anois do thurais agus sainléachtaí, ar an láthair agus ar líne, agus tabharfaidh sin deis do chuairteoirí tuilleadh a fhoghlaim faoin mBanc Ceannais Eorpach.  Féach ar ár leathanach Tabhair Cuairt Orainn chun tuilleadh eolais a fháil ar a gcuireann muid ar fáil agus chun mar is féidir leat cuairt nó léacht a iarraidh.

Tabhair cuairt orainn

Glac páirt inár dtionscnaimh óige

Is féidir tionchar a bheith ag na cinntí a dhéanaimidne ar do shaol laethúil féin. Eagraímid imeachtaí ar fud na hEorpa chun bualadh le daoine óga agus chun bhur dtuairimí agus bhur smaointe a chloisteáil.

Féach ar na tionscnaimh is déanaí uainn
Breis eolais uait? Léigh an míniú uainn
Foghlaim tuilleadh
Cé leis an Banc Ceannais Eorpach?

Gach leathanach sa rannóg seo