Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ráitis airgeadais sheachtainiúla

Foilsítear ráitis airgeadais sheachtainiúla an Eurochórais ar an Máirt agus baineann siad leis an Aoine roimhe sin.

Eisceachtaí ó na dátaí foilseacháin

De ghnáth is ar an gCéadaoin a fhoilsítear an chéad ráiteas airgeadais do gach ráithe (seachas Dé Máirt) ionas go mbeidh níos mó ama ann chun an athluacháil ar shócmhainní agus ar dhliteanais a chur i gcrích, rud a léirítear sa ráiteas sin.

Dátaí foilseacháin in 2024 arb eisceachtaí iad ón riail ghinearálta:

Stádas Seachtain Dáta tuairiscithe Dáta foilsithe Lá na seachtaine Cúis

Ráiteas airgeadais ráithiúil

Seachtain 52, 2023 29 Nollaig 2023 04 Eanáir 2024 Déardaoin An chéad ráiteas airgeadais den ráithe
Lá Caille

(dáta dúnta TARGET)

Ráiteas airgeadais ráithiúil

Seachtain 13 29 Márta 2024 04 Aibreán 2024 Déardaoin An chéad ráiteas airgeadais den ráithe
Luan Cásca

(dáta dúnta TARGET)

Ráiteas airgeadais ráithiúil

Seachtain 26 28 Meitheamh 2024 03 Iúil 2024 Dé Céadaoin An chéad ráiteas airgeadais den ráithe
Ráiteas airgeadais ráithiúil Seachtain 40 04 Deireadh Fómhair 2024 09 Deireadh Fómhair 2024 Dé Céadaoin An chéad ráiteas airgeadais den ráithe

Nuair a bhíonn córas TARGET dúnta agus nuair nach dáta socrúcháin é an lá sin dá bharr d’idirbhearta margaidh airgid euro ná d’idirbhearta airgeadraí eachtracha in euro, cinntear gur lá gan gnó de chuid an Eurochórais é an lá sin chun críche tuairiscithe airgeadais. Má bhíonn laethanta gan gnó sa bhreis ann le linn na tréimhse ina n-ullmhaítear na ráitis sheachtainiúla, cuirtear síneadh leis an tréimhse sin dá réir.

Tuilleadh eolais faoi ábhar gaolmhar

Treoir d’úsáideoirí maidir le ráiteas comhdhlúite seachtainiúil airgeadais an Eurochórais Clár comhardaithe comhdhlúite bliantúil Stóras Sonraí Staidrimh

Gach leathanach sa rannóg seo