Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ag pleanáil do do thodhchaí

Cad a theastaíonn uait chun plean a dhéanamh? Freagra: cobhsaíocht! Tugaimidne aghaidh ar bhoilsciú chun praghsanna a chobhsú duit. Agus cuidímid chun rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a laghdú, d’fhonn an córas airgeadais a choinneáil slán sábháilte. Cuidíonn an chobhsaíocht leat pleanáil go muiníneach do do chuid riachtanas agus deiseanna amach anseo.

Do thodhchaí a phleanáil le muinín

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Cén fáth a bhfuil tábhacht le praghsanna cobhsaí?

Bíonn sé deacair cinntí a dhéanamh faoi do thodhchaí nuair a bhíonn praghsanna ag dul suas agus anuas go minic. Mar shampla, d’fhéadfá a bheith idir dhá intinn faoi rud éigin a cheannach anois nó fanacht go dtí am éigin eile. Ach tá tú in ann a bheith cinnte de go mbeidh an luach céanna a bheag nó a mhór ag do chuid airgid amárach is a bhí aige inniu nuair a bhíonn praghsanna sách cobhsaí.

Cén fáth a bhfuil praghsanna cobhsaí tábhachtach?

Cén chaoi a gcuidíonn an euro leat gnó a dhéanamh?

Is iad fiontair bheaga agus mheánmhéide crann taca gheilleagar an limistéir euro. Foghlaim cén chaoi a mbaineann fiontraithe agus úinéirí gnólachtaí beaga leas as an euro.

Céard is boilsciú ann?

Cén fáth a gcuirimid suas agus anuas príomhrátaí úis, rud a imríonn tionchar ar an méid a chosnaíonn iasachtaí ort agus ar an méid a thuilleann tú ar choigiltis? Stiúraimid rátaí úis chun aghaidh a thabhairt ar bhoilsciú ard agus chun praghsanna a chobhsú. 

Céard is boilsciú ann?

Cuir tástáil ort féin!

Faigh amach cé mhéad atá ar eolas agat faoi bhoilsciú leis an quiz idirghníomhach seo.