Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ceisteanna coitianta maidir le nótaí bainc euro a athdhearadh

Arna thabhairt cothrom le dáta an 30 Samhain 2023

C1 Cén fáth a dteastaíonn nótaí bainc nua uainn?

Déanann gach banc ceannais a nótaí bainc a uasghrádú go rialta nó cinn nua a fhorbairt chun góchumadóirí a dhíspreagadh. Tugadh isteach an chéad sraith de nótaí bainc euro breis agus 20 bliain ó shin agus chuaigh an dara sraith i gcúrsaíocht in 2013. Táimid anois i mbun nótaí bainc euro a fhorbairt a bheidh i gcúrsaíocht amach anseo. Is deis é seo chun nótaí níos tarraingtí agus ionchuimsithí, agus a mbeidh níos mó luí ag gach Eorpach leo a dhéanamh, daoine a bhfuil lagú amhairc orthu ina measc.

Is mian linn freisin go mbeadh nótaí bainc euro chomh hinbhuanaithe agus chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol agus is féidir, mar sin táimid ag féachaint ar dheiseanna chun a dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú.

C2 Cén fáth a dteastaíonn dearadh nua uainn do na nótaí bainc?

Is siombail inláimhsithe, infheicthe d’aontacht na hEorpa iad nótaí bainc an euro agus is orainne atá sé iad a choimeád cothrom le dáta. Mar chuid de ghnáthphróiseas forbartha, 20 bliain tar éis na chéad nótaí bainc euro a thabhairt isteach, tá sé in am athbhreithniú a dhéanamh ar a ndearadh. I gcomhréir le straitéis airgid thirim an Eurochórais, is é is aidhm dúinn nótaí bainc mealltacha euro a fhorbairt a thaitneoidh le saoránaigh na hEorpa.

C3 Cén fáth anois? An é seo an t-am ceart chun sraith nótaí bainc nua a fhorbairt?

Tógann sé roinnt blianta nótaí bainc nua a fhorbairt, iad a tháirgeadh agus iad a chur i gcúrsaíocht ar fud an limistéir euro. De ghnáth, cuirtear nótaí bainc nua i gcúrsaíocht gach deich go cúig bliana déag chun slándáil agus seasmhacht a fheabhsú agus chun fanacht chun tosaigh ar ghóchumadóirí. Tá sé tábhachtach tús a chur leis an bpróiseas forbartha luath go leor le bheith faoi réir nuair a dhéantar cinneadh sraith nua a sheoladh.

C4 Conas a oibríonn an próiseas athdheartha do na nótaí bainc nua?

Tá dhá chéim i gceist le hathdhearadh nótaí bainc euro:

  1. Ag roghnú téama le haghaidh nótaí bainc euro a bheidh i gcúrsaíocht amach anseo
    1. Choimisiúnaíomar staidéar chun dul i gcomhairle le saoránaigh na hEorpa i ngrúpaí fócais faoina dtuairimí ar théamaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Bhí na torthaí ina n-ionchur do na céimeanna ina dhiaidh sin.
    2. Ghearrliostaigh Comhairle Rialaithe BCE seacht dtéama, lena n-áirítear sé mholadh ón nGrúpa Comhairleach Téama (grúpa saineolaithe arna n-ainmniú ag bainc cheannais náisiúnta an Eurochórais agus arna gceapadh ag an mBanc Ceannais Eorpach), agus téama a mhol an Chomhairle Rialaithe.
    3. Tugadh an deis do shaoránaigh Eorpacha a roghanna a chur in iúl maidir leis na seacht dtéama ar an ngearrliosta i suirbhé a rinne comhlacht seachtrach taighde i dtíortha uile an limistéir euro agus i suirbhé ar líne a rinne an Banc Ceannais Eorpach.
    4. Ansin roghnaigh an Chomhairle Rialaithe dhá théama a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh nótaí bainc amach anseo, agus torthaí na suirbhéanna á gcur san áireamh.
  2. Dearaí nua a fhorbairt le haghaidh nótaí bainc euro
    1. Anois agus na téamaí féideartha nua roghnaithe ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh, cuirfear tús leis an obair ar mhóitífeanna féideartha a roghnú agus ar chomórtas dearaidh a ullmhú. Foilseofar sonraí an chomórtais ar chainéil oifigiúla an Bhainc Ceannais Eorpaigh in am trátha.
    2. Tabharfar an deis do shaoránaigh na hEorpa a dtuairimí a chur in iúl maidir le gearrliosta dearaí.
    3. Táthar ag súil go ndéanfaidh an Chomhairle Rialaithe cinneadh maidir leis an dearadh nua in 2026.

Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar leathanach gréasáin an phróisis athdheartha.

C5 Cén fáth ar roghnaigh tú “cultúr na hEorpa” agus “Aibhneacha agus éin” mar théamaí a d’fhéadfadh a bheith ann do nótaí bainc amach anseo?

Is mian linn éisteacht le tuairimí shaoránaigh na hEorpa le linn an phróisis athdheartha. Dá bhrí sin, roghnaíodh na téamaí bunaithe ar thorthaí suirbhéanna pobail (féach C7) agus le cabhair ó ghrúpa comhairleach neamhspleách.

Léirigh torthaí na suirbhéanna is déanaí uainn tacaíocht láidir do na téamaí ‘‘Cultúr na hEorpa”, “Aibhneacha: uiscí na beatha san Eoraip’’ agus “Éin: saor, seasmhach, spreagúil’’. D’fhonn roghanna an phobail a léiriú chomh leathan agus is féidir, chinn an Chomhairle Rialaithe téamaí a bhaineann leis an dúlra agus leis an gcomhshaol a chur le chéile in aon téama amháin ar a dtugtar “Aibhneacha agus éin”. Mar thoradh air sin, táimid ag bogadh go dtí an chéad chéim eile den phróiseas le dhá théama: “Cultúr na hEorpa” agus “Aibhneacha agus éin”.

C6 Cathain a bheidh nótaí bainc nuadheartha againn inár bpócaí?

Nuair a bheidh athdhearadh na nótaí bainc euro críochnaithe, cinnfidh Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh cathain iad a tháirgeadh agus a eisiúint. Beidh sé fós roinnt blianta ina dhiaidh sin sula mbeifear ábalta na nótaí bainc nua a chur i gcúrsaíocht agus, ar deireadh thiar, inár bpócaí.

Tugadh isteach ainmníochtaí éagsúla na sraithe nótaí bainc euro atá ann faoi láthair de réir a chéile thar roinnt blianta. Níl aon chinneadh déanta go fóill maidir le cathain agus conas a chuirfí nótaí bainc i gcúrsaíocht amach anseo.

C7 Cad é ról an phobail sa phróiseas athdheartha?

Iarraimid ar shaoránaigh uile an limistéir euro páirt a ghlacadh inár suirbhéanna pobail. Tá sé an-tábhachtach dúinn go léiríonn na cinntí a dhéantar le linn an phróisis tuairimí phobal na hEorpa.

Chuireamar tús leis an bpróiseas le suirbhé cáilíochtúil a rinneadh sa limistéar euro chun tuiscint a fháil ar roghanna an phobail maidir le téama nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo. Ansin, i samhradh 2023, d’iarramar ar an bpobal páirt a ghlacadh inár suirbhé ar líne maidir le téamaí féideartha. Ag an am céanna, choimisiúnaíomar cuideachta taighde sheachtrach chun suirbhé den chineál céanna a dhéanamh arb é is aidhm dó an ionadaíocht is fearr is féidir a dhéanamh ar dhaonra an limistéir euro.

Tar éis móitífeanna a roghnú agus tar éis an chomórtais deartha, déanfaimid roghanna an phobail a thomhas ar ghearrliosta de dhearaí féideartha. Táthar ag súil go dtarlóidh sé sin in 2025.

C8 An n-athróidh ábhair nó méid nótaí bainc sa phróiseas athdheartha agus an mbeidh ainmníochtaí nua ann?

Tá ár nótaí bainc euro priontáilte ar pháipéar snáithíní cadáis, rud a thugann a míne speisialta agus a seasmhacht dóibh. Táimid ag féachaint i gcónaí ar bhealaí chun feabhas a chur ar shaolré na nótaí bainc euro agus chun lorg na nótaí bainc euro ar an gcomhshaol a laghdú.

Tá sé i gceist againn na hainmníochtaí reatha a choinneáil (€5, €10, €20, €50, €100 agus €200). Is é is dóichí go bhfanfaidh méideanna agus dathanna na nótaí bainc mar an gcéanna freisin chun an t-athrú a éascú agus chun teorainn a chur leis na costais a bhaineann le meaisíní láimhseála nótaí bainc a oiriúnú.

C9 Cé a dhéanfaidh cinneadh faoin téama agus na dearaí deiridh?

Is í Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh a dhéanfaidh an cinneadh deiridh bunaithe ar thuairimí phobal na hEorpa agus ar ionchur ó ghrúpaí saineolaithe. Fógrófar cinntí na Comhairle Rialaithe ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh le linn an phróisis in am trátha.

C10 An rachfar i gcomhairle le grúpaí leochaileacha le linn an phróisis athdheartha (e.g. daoine a bhfuil lagú amhairc orthu)?

Bíonn teagmháil rialta ag BCE agus ag bainc cheannais náisiúnta an Eurochórais leis na páirtithe leasmhara go léir. Rinneadh comhairliúcháin rialta le hAontas na nDall san Eoraip le linn don tsraith nótaí bainc atá ann faoi láthair a bheith á forbairt, leanadh ar aghaidh ó shin i leith agus leanfar leis le linn an phróisis athdheartha.