Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Beartas teanga an tsuímh ghréasáin seo

Ar an suíomh gréasáin seo gheobhaidh tú eolas faoi ghníomhaíochtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh sna 24 theanga oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh (AE).

Tá an t-eolas ar fad ar fáil i mBéarla, ach cinntímid freisin go gcuirtear an príomhábhar ar fáil i dteangacha oifigiúla AE eile, go háirithe ábhar a mbeadh suim ag saoránaigh Eorpacha ann.

Céard atá ar fáil i do theanga féin?

Tá an leathanach baile, gach leathanach sna rannáin “Eolas fúinn” agus “An Euro”, agus na leathanaigh iontrála ar na hocht rannán ar fad ar fáil i mBéarla agus i dteangacha oifigiúla AE eile. Cuirtear ár gcinntí beartais airgeadaíochta, ár dtuarascáil bhliantúil agus eolas ar leith faoinár straitéis beartais airgeadaíochta ar fáil iontu freisin, chomh maith le téacsanna eile nach iad.

Cuirtear cuid den ábhar gréasáin ar fáil i dteangacha AE ar leith, mar sin b’fhéidir go mbeadh an t-ábhar sin ar fáil i dteanga a bhfuil cumas tuisceana agat inti fiú murab í do theanga dhúchais í. Cuirtear roinnt óráidí, agallamh agus póstálacha blag ón Uachtarán agus ó chomhaltaí Boird ar fáil i dteangacha eile chomh maith leis an mBéarla. De ghnáth cuirtear preasráitis ar fáil i mBéarla, ach má tá siad ábhartha don phobal i gcoitinne seachas do shaineolaithe amháin, cuirtear ar fáil i dteangacha oifigiúla AE eile iad freisin.

De ghnáth foilsítear reachtaíocht an Bhainc Ceannais Eorpaigh sna teangacha oifigiúla AE ar fad agus is féidir teacht uirthi ar EUR-Lex.

Tá ábhar a bhaineann le comhairliúcháin phoiblí ar fáil i roinnt teangacha. Glacaimid le freagraí ar chomhairliúcháin phoiblí sna teangacha oifigiúla AE ar fad.

Féadfaidh tú eolas faoin euro agus faoi théamaí eile lena mbaineann a fháil i do rogha teanga ar shuíomh gréasáin na mbanc ceannais náisiúnta san Aontas Eorpach.

Ár mbeartas a chur i bhfeidhm

Má ghlacann tú le fianáin, cuidíonn tú linn staitisticí a fháil maidir leis an éileamh atá ar aistriúchán ar leathanaigh agus ar rannáin ar leith ar ár suíomh gréasáin. Ar an gcaoi sin is féidir linn tosaíocht a thabhairt maidir leis an ábhar atá le haistriú sa todhchaí. Mura bhfuil leathanach gréasáin ar fáil i do theanga féin go fóill, beidh ráiteas á rá sin ar an leathanach sin.

Is í Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide sa Bhanc Ceannais Eorpach a chuireann an beartas seo i bhfeidhm.

Más mian leat ceist a chur ar an mBanc Ceannias Eorpach, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trí úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais ar fhaisnéis in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais.

Gach leathanach sa rannóg seo