Sracfhéachaint ar an mbliain

In 2024 rinne an Banc Ceannais Eorpach dul chun cinn breise trína thimthriall bheartais airgeadaíochta. Trí chéim éagsúil a bhí sa timthriall seo. Céim ghéaraithe a bhí sa chéad chéim, a bhí ar siúl ó mhí Iúil 2022 go mí Mheán Fómhair 2023 agus le linn na tréimhse sin tháinig méadú 450 bonnphointe, an leibhéal is airde riamh, ar rátaí úis. Céim shealbhaíochta a bhí sa dara céim inar fhan na rátaí ag leibhéal seasta. Agus sa tríú céim — céim gearradh siar, ar cuireadh tús léi i mí an Mheithimh 2024 — níl an beartas airgeadaíochta chomh sriantach céanna de réir a chéile.
Baineann an tréimhse faoi athbhreithniú sa tuarascáil seo leis an dá chéim dheireanacha den timthriall beartais seo. Ag tús 2024, bhí BCE fós sa chéim shealbhaíochta agus bhí a ráta saoráide taisce ag 4 %. Ag an am sin, tháinig laghdú thart ar thrí cheathrú den bhealach óna bhuaic ar an mboilsciú, agus sheas sé ag 2.9 %. De réir na réamh-mheastacháin foirne, bhí an boilsciú ag filleadh ar ár sprioc mheántéarmach 2 % in 2025. Ach bhí éiginnteacht ann faoi mharthanacht an bhoilscithe.
Bhí na tomhais ar an mboilsciú intíre ard agus greamaitheach. Bhí méaduithe ar an mboilsciú roimhe seo fós ag dul ar aghaidh go dtí pá ar bhealach céimnithe. Agus bhí na réamh-mheastacháin foirne ag brath ar ghnólachtaí na méaduithe pá sin a ionsú trí bhrabúis, seachas praghsanna a ardú, agus ar théarnamh i dtáirgiúlacht saothair, rud a laghdódh costais aonad saothair. Ní fhéadfaí an dá ghné sin a dheimhniú ach le himeacht ama.
Chun beartas láidir sa chomhthéacs seo a chur ar fáil, bhí BCE — ó mhí an Mhárta 2023 i leith — ag bunú a chinntí maidir le rátaí ar thrí phríomhchritéar: an t-ionchas boilscithe, na dinimice a bhaineann leis an mboilsciú bunúsach agus neart tharchur an bheartais airgeadaíochta. Cé go raibh feabhas ag teacht ar an ionchas boilscithe agus éileamh á mhaolú ag an mbeartas airgeadaíochta, iarradh a bheith cúramach mar gheall ar an mboilsciú bunúsach.
Le linn 2024, áfach, chinntigh seasamh sriantach an bheartais atá againn gur lean an boilsciú de bheith ag titim i dtreo ár sprice. Faoi mhí an Mheithimh, ní hamháin gur fhan an t-ionchas boilscithe cobhsaí, rud a léirigh go comhsheasmhach go sroichfeadh an boilsciú 2 % in 2025, ach gur tháinig laghdú ar an gcuid is mó de bhearta an bhoilscithe bhunúsaigh freisin. Chuir an ‘cros-seiceáil’ sin le muinín BCE go raibh an boilsciú ag filleadh ar a sprioc ar bhealach marthanach.
Dá bhrí sin, tar éis naoi mí de rátaí a choinneáil seasta, thosaíomar ag maolú leibhéal an tsriain ar an mbeartas airgeadaíochta. I mí an Mheithimh, laghdaíomar rátaí 25 bhonnphointe, ach ag an am céanna bhíomar fós ag brath ar shonraí agus gan aon ghealltanas a dhéanamh maidir le treo rátaí amach anseo. De réir mar a dheimhnigh na sonraí a tháinig isteach an t-ionchas fabhrach boilscithe, rinneamar leibhéal an tsriain ar an mbeartas airgeadaíochta a laghdú a thuilleadh de réir a chéile.
Le linn mhí Mheán Fómhair, mhí Dheireadh Fómhair agus mhí na Nollag, rinneamar laghdú breise 75 bhonnphointe ar ár bpríomhráta beartais. Faoi dheireadh na bliana bhíomar níos muiníní fós go raibh an próiseas díbhoilscithe ar an mbóthar ceart.
Lean ár gclár comhardaithe de bheith ag normalú le linn 2024 agus laghdú leath-thrilliún euro tar éis teacht air. Ag deireadh mhí na Nollag, baineadh dhá gharsprioc amach: an aisíocaíocht iomlán cistí a fuair bainc ar iasacht faoin tríú sraith d’oibríochtaí athmhaoiniúcháin spriocdhírithe fadtéarmacha, agus scoireadh de na hathinfheistíochtaí ar phríomhíocaíochtaí ó urrúis a ceannaíodh faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime.
I dtimpeallacht ina raibh leachtacht ag laghdú de réir a chéile mar gheall ar normalú an chláir chomhardaithe, thug BCE athruithe isteach ar a chreat oibríochtúil chun beartas airgeadaíochta a chur chun feidhme. Go háirithe, d’fhógair BCE go leanfadh sé de sheasamh an bheartais airgeadaíochta a stiúradh tríd an ráta saoráide taisce a choigeartú, agus an difreálach idir é agus an ráta ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin a laghdú ag an am céanna. Amach anseo, cuirfidh BCE leachtacht ar fáil don chóras airgeadais trí réimse leathan ionstraimí. Agus ar bhonn na taithí a gheofar, déanfaidh an Chomhairle Rialaithe athbhreithniú ar phríomhpharaiméadair an chreata oibríochtúil in 2026.
Bliain ghnóthach a bhí ann le haghaidh íocaíochtaí chomh maith. Mar gheall ar líon méadaitheach na rannpháirtithe i gCóras Socraíochta Íocaíochta Meandraí TARGET (TIPS) — seirbhís arna bhforbairt ag an Eurochóras chun íocaíochtaí meandracha a chumasú ar fud na hEorpa — tháinig méadú 72 % ar mheánlíon laethúil na n-íocaíochtaí meandracha in euro i gcaitheamh na bliana.
In 2024 lean an tEurochóras ar aghaidh lena chéim ullmhúcháin dhá bhliain le haghaidh euro digiteach. Foilsíodh an chéad tuarascáil ar dhul chun cinn an euro dhigitigh i mí an Mheithimh agus an dara tuarascáil i mí na Nollag. Lean BCE dá chuid oibre freisin maidir le leabhar rialacha scéim an euro dhigitigh a fhorbairt, lena ndéanfar úsáid agus bainistiú an euro dhigitigh sa limistéar euro a chaighdeánú. Cuireadh dlús freisin leis na hullmhúcháin chun sraith nua nótaí bainc euro a fhorbairt. Tá móitífeanna roghnaithe ag an gComhairle Rialaithe anois do na téamaí ‘Cultúr na hEorpa’ agus ‘Aibhneacha agus éin’ agus bhunaigh sí giúiré le haghaidh comórtas dearaidh a sheolfar níos déanaí in 2025.
Agus an domhan ag éirí níos digití, tá bearta cinntitheacha á ndéanamh ag BCE chun teicneolaíochtaí na hintleachta saorga a chomhtháthú ina chuid oibre. Is féidir le foireann BCE ceithre shamhail teanga mhór a úsáid anois chun tacú lena gcuid oibre, rud a théann chun tairbhe do níos mó ná 4,500 úsáideoir. Anuas ar sin, tá roinnt tionscadail thurgnamhacha ar siúl i réimsí lena n-úsáidtear cumarsáid uathoibrithe agus léirshamhlú sonraí.
In 2024 chuir BCE lena chuid oibre ar an athrú aeráide freisin nuair a sheol sé a phlean aeráide agus dúlra 2024-2025. Díríonn an tionscnamh seo ar thrí phríomhréimse: tionchar agus rioscaí an aistrithe chuig geilleagar glas; tionchar fisiciúil méadaitheach an athraithe aeráide agus éifeachtaí eacnamaíocha an oiriúnaithe don athrú aeráide; agus rioscaí chailliúnt agus dhíghrádú an dúlra agus a n-idirghníomhú le rioscaí a bhaineann leis an aeráid.
In 2024 rinne Teach an Euro — atá lonnaithe sa Bhruiséil agus ina dtugtar le chéile BCE agus seacht mbanc ceannais náisiúnta — a chéad bhliain a cheiliúradh. Bunaíodh Teach an Euro chun comhar a chothú i measc bhainc cheannais an Eurochórais agus chun a n-infheictheacht a fheabhsú i gcathair ina bhfuil go leor institiúidí Eorpacha lonnaithe. Tá sé anois ina mhol dinimiciúil le haghaidh comhair, idirphlé agus díospóireachta idir baincéirí ceannais agus príomhpháirtithe leasmhara.
I ndomhan atá ag éirí níos éiginnte i gcónaí, tá níos mó daoine Eorpacha ag aithint an tábhacht a bhaineann le haontacht. Agus in 2024 shroich tacaíocht don euro i measc mhuintir na hEorpa an leibhéal is airde riamh, rud a léiríonn tuiscint níos leithne ar an airgeadra aonair mar thionscadal a chothaíonn síocháin agus rathúnas na hEorpa. Cuireann an tacaíocht mhéadaitheach sin béim freisin ar thiomantas fhoireann BCE agus daoine eile atá ag obair chun freastal ar leasanna mhuintir na hEorpa.
Frankfurt am Main, Aibreán 2025
Christine Lagarde
Uachtarán
Figiúirí na bliana
Thosaigh an geilleagar ag teacht chuige féin | Bhí boilsciú príomha ag laghdú i dtreo na sprice |
Mhéadaigh fíor-OTI an limistéir euro faoi 0.9% in 2024, i gcomparáid le 0.4% in 2023. Bhí na rátaí fáis ráithiúla dearfach arís ag tús 2024 tar éis cúig ráithe de mharbhántacht. | Tháinig laghdú ar bhoilsciú príomha go 2.4% i mí na Nollag 2024 ó 2.9% i mí na Nollag 2023, ag druidim níos gaire don sprioc. |
Laghdaigh BCE na trí ráta úis de chuid BCE, sa chaoi gurbh ionann ráta na saoráide taisce agus 3.00% faoi dheireadh na bliana | Lean an tEurochóras dá chlár comhardaithe a laghdú |
Leis an laghdú ar eochair-rátaí BCE, tugadh ráta na saoráide taisce chuig 3.00%, laghdú carnach 100 bonnphointe thar 2024. | Tháinig laghdú €0.5 trilliún ar chlár comhardaithe an Eurochórais, rud a fhreagraíonn do dheireadh an tríú sraith d’oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe fadtéarmacha (OASF III), don laghdú ar phunann an chláir ceannaithe sócmhainní (APP) agus, go pointe áirithe, don aistriú chuig athinfheistíochtaí páirteacha faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP). Bhí ról tábhachtach ag na bearta seo le linn thréimhse an bhoilscithe ísil agus le linn na paindéime. |
Athléimneacht na mbanc sa limistéar euro | Méadú ar íocaíochtaí meandracha arna socrú le TIPS |
Sa tríú ráithe de 2024, b’ionann agus 15.7% cóimheas Ghnáthchothromas Leibhéal 1 (CET1) na mbanc sa limistéar euro, gar dá leibhéal ab airde riamh. Léirigh sé seo brabúsacht láidir na mbanc agus leibhéal íseal iasachtaí neamhthuillmheacha. | Leis an méadú ar líon na rannpháirithe i Socraíocht Íocaíochtaí Meandracha TARGET (TIPS), mhéadaigh íocaíochtaí meandracha in euro ó 963,894 in aghaidh an lae i mí na Nollag 2023 go 1,657,421 i mí na Nollag 2024, is é sin méadú 72%. |
Ionad Cuairteoirí BCE | Nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid ar shealbháin beartais airgeadaíochta de chuid an Eurochórais |
Cuireadh fáilte roimh 21,325 cuairteoir chuig Ionad Cuairteoirí BCE in 2024, áit a raibh an deis ag an bpobal eolas a chur ar BCE ón taobh istigh. | Chuir BCE feabhas ar an trédhearcacht maidir le lorg carbóin an Eurochórais trí na nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid a leathnú chun go gclúdófaí os cionn 99% de na sócmhainní arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta. |
1 Beartas airgeadaíochta sriantach BCE mar bhonn faoi laghduithe breise ar bhunbhrúnna boilscitheacha
Bhí gníomhaíocht eacnamaíoch dhomhanda athléimneach i gcónaí in 2024, ag leathnú ar luas measartha. Tháinig méadú ar an éiginnteacht le linn na bliana go leibhéil ardaithe, i bhfianaise teannas geopholaitiúil ardaithe agus ceisteanna a bhain le beartais eacnamaíocha, go háirithe i ndiaidh na dtoghchán sna Stáit Aontaithe. Tháinig trádáil dhomhanda chuige féin arís i ndiaidh an mhoillithe in 2023 de réir mar a rinneadh allmhairí a thús-ualú i bhfianaise éiginnteacht gheopholaitiúil agus beartais trádála. Tháinig maolú arís ar an mboilsciú domhanda, ach moillíodh próiseas an fhrithbhoilscithe mar gheall ar bhoilsciú dianseasmhach seirbhísí ar fud na ngeilleagar forbartha. Tháinig dímheas ar an euro in aghaidh dhollar SA agus, go feadh méid níos lú, i dtéarmaí ainmniúla freisin. Neartaigh geilleagar an limistéir euro in 2024, go mór mór mar gheall ar luas dearfach an fháis dhomhanda agus earnáil athléimneach seirbhísí, i gcomhthéacs boilsciú foriomlán a bhí ag laghdú. Ag an am céanna, bhí an tionscal lag i gcónaí de bharr imthosca sriantacha maoiniúcháin, costais arda fuinnimh agus costais ionchuir eile, easnaimh struchtúracha agus éiginnteacht ardaithe. Cé go raibh an géarú a rinne BCE ar bheartas airgeadaíochta sna blianta roimhe seo fós á tharchur go láidir chuig gníomhaíocht, rud a bhí mar bhonn faoin laghdú marthanach ar bhoilsciú le linn 2024, bhí an margadh saothair sách athléimneach i gcónaí. Lean rialtais an limistéir euro de chlabhsúr a chur de réir a chéile ar na bearta tacaíochta arna nglacadh mar fhreagairt do phaindéim COVID-19, do thurraingí praghsanna fuinnimh agus do thurraingí boilscithe, sa chaoi gur aisiompaíodh go páirteach an scaoileadh fioscach a rinneadh roimhe sin. Tháinig laghdú ar bhoilsciú príomha sa limistéar euro arís in 2024, ach bhí sé ní ba mhoille ná an bhliain roimhe sin toisc go raibh an spreagadh ó dhíscaoileadh an bhoilscithe fuinnimh maolaithe. Tháinig maolú ar bhunbhrúnna boilscitheacha mar thoradh ar iarmhairt mhaolaitheach na dturraingí soláthair roimhe seo agus mar gheall ar an éileamh níos laige a bhain le himthosca géara airgeadaíochta agus maoiniúcháin agus beartais fhioscacha, ach bhíodar fós faoi thionchar fás láidir ar phá.
2 Thosaigh beartas airgeadaíochta ag maolú ach bhí sé sriantach i gcónaí
In 2024, mhaolaigh an Chomhairle Rialaithe méid an tsrianta ar bheartas airgeadaíochta i bhfianaise comharthaí go raibh boilsciú ag gluasieacht i dtreo sprioc 2% ar bhonn inmharthana fad a bhí fás marbhánta ar gheilleagar an limistéir euro (féach Cuid 2.1). Bhí rátaí úis gan athrú don chéad leath den bhliain, nach mór. Ansin, d’ísligh an Chomhairle Rialaithe ráta na saoráide taisce faoi 25 bhonnphointe i mí an Mheithimh agus i mí Mheán Fómhair, agus í ag aistriú i dtreo beartas airgeadaíochta nach raibh chomh sriantach céanna. Bhí sí tiomanta i gcónaí do chur chuige a leanúint a bhí ag brath ar shonraí agus do chur chuige ar bhonn cruinniú ar chruinniú chun leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh. Sa tríú ráithe, bhí an fás ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch maolaithe i gcónaí ach bhí roinnt comharthaí ann go raibh sé ag cobhsú de thoradh tomhaltas níos airde agus éileamh domhanda níos airde. Bhí an Chomhairle Rialaithe ag éirí níos muiníní go mbeadh laghdú de réir a chéile ar bhoilsciú agus d’ísligh sí ráta na saoráide taisce faoi 25 bhonnphointe i mí Dheireadh Fómhair agus mí na Nollag.
Tháinig cúngú €0.5 trilliún ar chlár comhardaithe an Eurochórais in 2024 go €6.4 trilliún faoi dheireadh na bliana, mar chuid den normalú a thosaigh in 2022 (féach Cuid 2.2). D’eascair an laghdú as aisíocaíochtaí agus teacht in aibíocht oibríochtaí sa tríú sraith d’oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe fadtéarmacha (OASF III), agus as an laghdú ar phunann an chláir ceannaithe sócmhainní (APP) agus, go pointe áirithe, ar phunann an Chláir Ceannaigh le haghaidh Éigeandáil na Paindéime (PEPP) freisin, agus bhí an ceann deireanach sin ag gluaiseacht i dtreo athinfheistíochtaí páirteacha amhail ó mhí Iúil. I mí an Mhárta 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe athruithe ar an gcreat oibríochtúil chun beartas airgeadaíochta a chur chun feidhme (féach Bosca 2) agus d’éirigh sí as athinfheistíochtaí a dhéanamh faoi PEPP ag deireadh 2024.
In 2024, chuir an tEurocóras feabhas ar a chreat bainistíochta riosca chun a chinntiú go ndéanfaí beartais a chur chun feidhme ar bhonn éifeachtúil ó thaobh riosca de. De thoradh rátaí arda beartais, thabhaigh BCE caillteanais ó ghlanioncam diúltach úis, rud a dhéanfaí a dhíscríobh in aghaidh brabús amach anseo (féach Cuid 2.3 agus Cuntais Bhliantúla BCE do 2024). Meastar go dtiocfaidh méadú arís ar ghlanioncam úis an Eurochórais sna blianta atá le teacht, rud a thacóidh lena athléimneacht airgeadais.
3 An earnáil airgeadais Eorpach: leochaileachtaí cobhsaíochta airgeadais i dtimpeallacht luaineach
In 2024, bhí rioscaí agus leochaileachtaí cobhsaíochta airgeadais sa limistéar euro ardaithe i gcónaí agus bhí an méadú ar rioscaí ar an taobh thíos don fhás ag teacht chun cinn mar ábhar imní in áit boilsciú ard. Thairis sin, bhí rioscaí geopholaitiúla agus éiginnteacht beartais eacnamaíoch ag méadú, rud a chuir leis an dóchúlacht go dtarlódh earrtheagmhais. Sa chomhthéacs seo, rinne na húdaráis náisiúnta iarracht a chinntiú go raibh spás leordhóthanach beartais macrastuamachta ann chun gníomhú i gcoinne aon rioscaí a thiocfadh chun cinn. Rinneadh carnadh gaolmhar na maolán in-athscaoilte a éascú le brabúsacht ardaithe na mbanc, rud a chuidigh leis na bainc fanacht athléimneach tar éis an dul chun cinn a bhí déanta acu sna blianta roimhe sin agus a rannpháirtíochta maoirseachta leanúnaí. Rinneadh dul chun cinn suntasach maidir le creat rialála láidir a thabhairt i gcrích don earnáil airgeadais - go háirithe trasuíomh athchóirithe Basel III i ndlí an Aontais do na bainc, mar aon leis an obair ullmhúcháin ar idirghabháil airgeadais neamhbhainc (NBFI) agus aontas na margaí caipitil.
4 Feidhmiú rianúil bhonneagar an mhargaidh agus íocaíochtaí
Tá ról lárnach ag an Eurochóras i bhforbairt, in oibriú agus i bhformhaoirsiú bhonneagair an mhargaidh agus íocaíochtaí. In 2024, tháinig méadú ar an trácht ar Sheirbhísí TARGET uile arna n-oibriú ag an Eurochóras, agus forbraíodh tuilleadh a gcuid feidhmiúlachtaí, lena n-áirítear seirbhísí socraíochta trasairgeadra. D’fhonn feabhas a chur ar dhigitiú íocaíochtaí miondíola agus mórdhíola agus ar mhargaí urrús, réitigh an tEurochóras an bealach le haghaidh eisiúint ionchasach euro digiteach agus d’éirigh leis a obair thurgnamhach a chur i gcrích maidir le húsáid teicneolaíochta mórleabhar dáilte (DLT) le haghaidh idirbhearta mórdhíola arna socrú in airgead banc ceannais. Chuathas i ngleic le cibearbhagairtí ó thaobh na hoibríochta agus na maoirseachta de. Cuireadh tús le hobair chun íocaíochtaí trasteorann/trasairgeadra a fheabhsú d’fhonn tacú le héiceachóras íocaíochtaí níos tapúla, níos saoire, níos trédhearcaí agus níos inrochtana a chruthú.
5 Gníomhaíochtaí oibríochtaí margaidh agus seirbhísí airgeadais eile a chuirtear ar fáil d’institiúidí eile
Is ionstraimí beartais airgeadaíochta iad línte babhtála agus athcheannaigh an Eurochórais a úsáidtear mar uirlisí cobhsaíochta le linn tréimhsí anáis i margaí arigeadais domhanda. Trí bhíthin línte leachtachta euro le bainc lasmuigh den limistéar euro, cuireadh cúlstop ar bun do mhaoiniú margadhbhunaithe. Ina theannta sin, lean BCE d’oibríochtaí dhollar SA a thairiscint do chontrapháirtithe incháilithe sa limistéar euro ar bhonn rialta, agus líonra seasta línte babhtála de chuid na mórbhanc ceannais mar thaca leis, lena gcuimsítear BCE, Córas an Chúlchiste Fheidearálaigh, Banc Cheanada, Banc Shasana, Banc na Seapáine agus Banc Náisiúnta na hEilvéise. Ní dhearnadh idirghabhálacha BCE sa mhargadh malairte eachtraí le linn 2024. Lean BCE de bheith freagrach as oibríochtaí éagsúla airgeadais a riaradh thar ceann an Aontais Eorpaigh agus lean sé de ról comhordúcháin a ghlacadh maidir le creat an Eurochórais um sheirbhísí bainistíochta cúlchistí.
6 Is é airgead tirim an modh íocaíochta is coitianta i measc shaoránaigh na hEorpa
In 2024, tháinig méadú beag ar leibhéal na nótaí bainc i gcúrsaíocht, agus ba é airgead tirim an modh íocaíochta ba mhó a úsáideadh ag an díolphointe.
Tá an tEurochóras meáite ar a chinntiú go mbeidh airgead tirim ar fáil, inrochtana agus inghlactha i gcónaí mar mhodh íocaíochta, agus go mbeidh sé chomh hinmharthana agus neamhdhíobhálach don chomhshaol agus is féidir. Leis na hullmhúcháin chun sraith nua de nótaí bainc euro a fhorbairt, tá deis againn nasc a chruthú idir nótaí bainc euro agus muintir uile na hEorpa.
7 Staidreamh
Déanann BCE - le cúnamh ó na bainc cheannais náisiúnta - raon leathan staidrimh agus sonraí riachtanacha a fhorbairt, a bhailiú, a chomhthiomsú agus a scaipeadh chun tacú le beartas airgeadaíochta BCE, mar aon le cúraimí cobhsaíochta airgeadais agus cúraimí eile de chuid an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach. Bíonn an staidreamh seo á úsáid freisin ag údaráis phoiblí, eagraíochtaí idirnáisiúnta, rannpháirtithe margaidh airgeadais, na meáin agus ag an bpobal i gcoitinne, agus cuidíonn sé le BCE trédhearcacht a chuid oibre a fheabhsú.
In 2024, leathnaigh BCE an daonra tuairiscithe le haghaidh staidreamh margaidh airgid, sa chaoi go mbeadh an tacar sonraí gaolmhar níos ionadaíche. D’fhoilsigh BCE staidreamh nua freisin maidir le cuntais airgeadais, eadhon sonraí níos mionsonraithe faoi shealbháin de scaireanna/aonaid i gcistí infheistíochta ag teahlaigh, agus thosaigh sé ag foilsiú sonraí nua maidir le staidreamh seachtrach ráithiúil i dtaca le haonaid shainchuspóra. Rinneadh táscairí staidrimh aeráide a fhorbairt tuilleadh mar chuid de phlean aeráide agus dúlra BCE. Lean BCE dá straitéis chun an t-ualach tuairiscithe ar na bainc a laghdú bunaithe ar an gCreat Tuairiscithe Chomhtháite agus ar Fhoclóir Tuairiscithe Chomhtháite na mBanc.
8 Gníomhaíochtaí taighde BCE
Sa chuid seo, tuairiscítear ar thaighde BCE atá ábhartha do bheartais agus déantar achoimre ar an obair a rinneadh in 2024. Ar dtús, tuairiscítear ar cháilíocht thaighde BCE, ansin cuirtear síos ar na cúig phríomhréimse taighde agus comhairle beartais, agus ar an dul chun a rinneadh le linn na bliana, lena n-áirítear taighde ar impleachtaí na hintleachta saorga. Leagtar béim i mBosca 6 ar an obair a rinne an Tascfhórsa Taighde ar Ilchineálacht sa Mhaicreacnamaíocht agus san Airgeadas.
9 Gníomhaíochtaí dlíthiúla agus dualgais dhlíthiúla
Sa chaibidil seo, déileáltar le dlínse na Cúirte Breithiúnais i leith BCE, cuirtear faisnéis ar fáil maidir le tuairimí BCE agus maidir le cásanna nuair nach gcomhlíontar an oibleagáid chun dul i gcomhairle le BCE maidir le dréacht-reachtaíocht a thagann laistigh dá réimsí inniúlachta. Tuairiscítear freisin sa chaibidil seo ar an bhfaireachán a dhéanann BCE ar chomhlíonadh an toirmisc ar mhaoiniú airgeadaíochta agus ar rochtain phribhléideach.
10 BCE i gcomhthéacs AE agus idirnáisiúnta
Lean BCE den phlé oscailte lena mhacasamhlacha Eorpacha agus idirnáisiúnta in 2024. Is gné riachtanach de chreat cuntasachta BCE é an caidreamh idir BCE agus Parlaimint na hEorpa. Bhí éisteachtaí agus comhfhreagras rialta aige leis an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta de chuid Pharlaimint na hEorpa (ECON). De bhreis air sin, bhí teagmháil ag BCE le ECON mar chuid dá obair leanúnach ar euro digiteach. Sa réim idirnáisiúnta, bhí rannpháirtíocht ag BCE le comhpháirtithe G20, agus leag sé béim ar an ngá chun athléimneacht na hearnála baincéireachta agus na hearnála airgeadais neamhbhainc araon a neartú agus chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm threochláir chomhaontaithe G20 agus Basel III. Chomh maith leis sin, chuir sé leis an bplé a bhain le bainc cheannais sa Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), lena n-áirítear maidir le beartais iasachtaithe CAI agus a shaoráidí do gheilleagair atá ag teacht chun cinn agus do thíorthaí íseal-ioncaim.
11 Dea-rialachas, inbhuanaitheacht shóisialta agus chomhshaoil a chur chun cinn
Bíonn gníomhaíochtaí tábhachtacha ar siúl ag BCE chun dul i ngleic le saincheisteanna comhshaoil, sóisialta agus rialachais. Mar institiúid phoiblí, tá BCE cuntasach do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh (AE) agus dá n-oifigigh thofa. Cuimsítear sa fhreagracht sin, cumarsáid agus rannpháirtíocht éifeachtach le páirtithe leasmhara éagsúla, na caighdeáin eitice agus trédhearcachta is airde a chothabháil, a fhostaithe a chumhachtú agus a leas a chur chun cinn ag an am céanna, agus measúnú a dhéanamh ar iarmhairtí agus rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an timpeallacht. In 2024, baineadh amach roinnt spriocanna a bhí leagtha amach i bplean aeráide agus dúlra BCE.
12 Ár bhfoireann
Bhí cuid mhór den mhéid a baineadh amach in 2024 indéanta a bhuí leis an gcomhar idir comhghleacaithe ar fud BCE agus an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC). Go háirithe, thacaigh raon coistí saineolaithe leis an gComhairle Rialaithe agus leis an gComhairle Ghinearálta ina bpróisis chinnteoireachta. Tugann na coistí sin, ar a bhfuil saineolaithe ó BCE agus CEBC, comhairle ina réimsí inniúlachta faoi seach. Sa Chaibidil seo, míníonn roinnt comhghleacaithe dár gcuid an ról atá ag an gcoiste ar a bhfuil siad féin. Tugann siad léargas freisin ar a dtaithí phearsanta ag obair ar an gcoiste agus ag obair i BCE.
Cuntais Bhliantúla
https://www.ecb.europa.eu/press/annual-reports-financial-statements/annual/annual-accounts/html/ecb.annualaccounts2024~718377b1c1.ga.htmlClár comhardaithe comhdhlúite an Eurochóras amhail ar an 31 Nollaig 2024
https://www.ecb.europa.eu/press/annual-reports-financial-statements/annual/balance/html/ecb.eurosystembalancesheet2024~28f64426e5.ga.html© An Banc Ceannais Eorpach, 2025
Seoladh poist 60640 Frankfurt am Main, An Ghearmáin
Teileafón +49 69 1344 0
Suíomh Gréasáin www.ecb.europa.eu
Gach ceart ar cosaint Ceadaítear atáirgeadh chun críocha oideachais agus neamhthráchtála fad is a aithnítear an fhoinse.
Chun téarmaíocht shonrach a fháil, féach ar ghluais BCE (ar fáil i mBéarla amháin).
PDF ISBN 978-92-899-7074-7, ISSN 1725-2865, doi:10.2866/0707218, QB-01-25-040-EN-N
HTML ISBN 978-92-899-7073-0, ISSN 1725-2865, doi:10.2866/7451216, QB-01-25-040-EN-Q